
- This event has passed.
Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin
April 12, 2024 - April 13, 2024
Event Navigation

COMHDHÁIL: #MeáinÉireannCnaG #meáin2024
COMHDHÁIL – Gníomhaíochas, An Ghaeilge agus na Meáin- Clár críochnaithe
Ollscoil na Gaillimhe:
12-13 Aibreán 2024
Ó bunaíodh Conradh na Gaeilge, breis agus 130 bliain ó shin, anuas go dtí ár linn féin, tá ról lárnach na meán cumarsáide le tabhairt faoi deara i ngníomhaíochas na teanga. Mar chuid den tionscadal CARTLANN – comhthionscadal idir Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Uladh atá á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas – beidh an chomhdháil GNÍOMHAÍOCHAS, AN GHAEILGE AGUS NA MEÁIN á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe ar an 12-13 Aibreán 2024. Díríonn an chomhdháil seo ar an earraíocht a bhain grúpaí éagsúla pobail, chomh maith le gníomhaithe teanga, as na meáin chumarsáide mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar ábhar feachtasaíochta.
Tugann an chomhdháil suntas do ról na meán (idir theilifís, raidió, nuachtáin agus na meáin dhigiteachta) i saol phobal na Gaeilge agus i saol mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe. Chuige sin, pléitear stair na bhfeachtas craolacháin san fhichiú aois, an nasc idir na meáin agus stádas na Gaeilge sa tsochaí, chomh maith le téamaí ábhartha eile a bhaineann le cúrsaí pobail, teanga agus cultúir.
Tá fáilte roimh chách freastal, go háirithe lucht léinn na Gaeilge, na staire agus na meán, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne.
Dréacht (sealadach) de chlár na comhdhála faoi iamh.
Fáilte roimh chách. Cláraigh anseo: https://forms.office.com/e/W35LcYzm2y
CLÁR NA COMHDHÁLA
EOCHARCHAINTEOIRÍ:
Rosemary Day:
‘An Ghaeilge agus na Meáin: Teanga, Tionchar, Todhchaí’
Regina Uí Chollatáin
‘Todhchaí nó tórramh na meán Gaeilge? Tuar dóchais i roghanna pinn agus teanga.’
AOICHAINTEOIRÍ
Colm Mac Gearailt:
“CHUIGE SEO ATÁIMÍD” ‘Feachtais Chonradh na Gaeilge ar son teilifís ghaeilge sna 1970idí is sna 1980idí.’
Hugh Rowland:
‘Aighneas idir an LFM agus RTÉ sna 1960idí: Léargas ón gCartlann.’
Niall Comer
‘“Ag fógairt fáin ar Ghallaibh”- Comhaltas Uladh agus na meáin Bhéarla.’
Dubhán Ó Longáin
“Rinncí gallda” agus “Spiorad na Gaedhilge”: Teanga, Gaelachas, agus Éireannachas in An tUltach
Síobhra Aiken
‘Na meáin agus gluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá’
Iarfhlaith Watson:
‘An fhéiniúlacht, an duine aonair agus an réimse poiblí: ról na meán.’
Aoife Whelan
‘Saothrú na nua-litríochta san Irish Independent’
Dónall Ó Braonáin:
‘Reg Hindley, Breandán Ó hEithir agus a gcuid tuartha teangeolaíochta: foinsí, cartlanna, fráma tagartha’
Dorothy Ní Uigín:
‘Conradh na Gaeilge, Glún na Buaidhe & Inniu’
Aodh Ó Coileáin:
‘¡Dejadme retornar! Spreagadh cartlainne? Amharclannaíocht, scannánaíocht, sciuird chun na Spáinne.’
PAINÉAL CAINTE is Cuimhní Cinn: Gníomhaíocht teanga agus feachtasaíocht craolacháin ó na 1970idí.
Ciarán Ó Feinneadha (Feachtas Náisiúnta Teilifíse, FREAGRA,…)
Íte Ní Chionnaith (Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Urlabhraí Teilifíse an Chonartha sna 1980idí,…)
Breandán Mac Gearailt (Cumann Cearta Sibhialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne; Údarás na Gaeltachta)
Cuan Ó Seireadán (Áisitheoir): (Eagraí Polaitíochta RTÉ/RnaG; Iar-Choimeádaí Chonradh na Gaeilge.)
Cláraigh anseo: https://forms.office.com/e/W35LcYzm2y