
- This event has passed.
CIORCAL SCRÍBHNEOIREACHTA
November 15, 2018 @ 6:00 pm
Event Navigation
An bhfuil suim agat i scríbhneoireacht na Gaeilge? An bhfuil tú ag iarraidh do shaothar féin a roinnt le daoine, agus aiseolas a fháil, nó d’obair a phlé go neamhfhoirmiúil le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu? Nó an bhfuil tú ag iarraidh éisteacht le scríbhneoirí eile ag léamh a saothar amach os ard? Má tá, déan cinnte go dtagann tú chun ár gciorcal scríbhneoireachta, a bheas ar siúl achan Déardaoin ag a 6 i seomra an Droichid in Institúid de Mórdha. Beidh muid ag súil le fáilte a chur roimh achan duine a bhfuil Gaeilge agus fonn scríbhneoireachta acu!