CLOSED – Taighdeoir Iardhochtúireachta: Cartlanna Gaeilge

Tionscadal: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin – ag baint úsáid as cartlanna Chonradh na Gaeilge chun tuiscint a fháil ar pholasaithe i leith na Gaeilge ar an dá thaobh den teorainn

Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr

Uimh. Thag. NUIG RES 202-22

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag earcú Taighdeoir Iardhochtúireachta lánaimseartha amháin ar chonradh téarma shocraithe – Cartlanna Gaeilge don tionscadal CARTLANN: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin: ag baint úsáid as cartlanna Chonradh na Gaeilge chun tuiscint a fháil ar pholasaithe i leith na Gaeilge ar an dá thaobh den teorainn, faoi stiúir an Dr John Walsh, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr. Tá an post á mhaoiniú ag deontas ó Chlár Maoinithe Taighde Thuaidh-Theas an Údaráis um Ard-Oideachas 2021, a bronnadh ar an Dr Walsh. Beifear ag súil go gcuirfidh an té a cheapfar tús lena ról an 1 Eanáir 2023.

Cur síos ar an Tionscadal

Déanann CARTLANN scrúdú ar an eagraíocht dheonach trasteorann Ghaeilge, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1893 agus atá fós ag feidhmiú sa lá atá inniu ann. Ag tarraingt ar thaifid chartlainne fhairsinge ar an dá thaobh den teorainn, díríonn an tionscadal ar ról lárnach na meán in obair Chonradh na Gaeilge, mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar ábhar feachtasaíochta. Is é príomhfhoinse an tionscadail bailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh ina bhfuil breis agus 600 bosca taifead agus atá ar an gcartlann Ghaeilge is mó a tháinig i seilbh na hOllscoile riamh.

Ag díriú ar na tréimhsí 1922-1940 agus 1970-2000, scrúdóidh an tionscadal an úsáid a bhain Conradh na Gaeilge as na mórmheáin, an fhorbairt a rinneadh ar a mheáin chraolacháin agus chlóite féin agus an ról a bhí aige i bhfeachtais chun go mbeadh meáin áitiúla agus náisiúnta Ghaeilge ar fáil. Is é seo an chéad mhórthionscadal taighde a scrúdóidh an caidreamh idir Conradh na Gaeilge agus na meáin ar dhá thaobh na teorann agus tabharfaidh sé léargas ar an tuiscint a bhíonn ag an ngníomhaíochas teanga ar na meáin, an rath a bhí ar fheachtais éagsúla nó an chaoi ar theip orthu agus an caidreamh íogair atá idir an dá dhlínse maidir le ceist achrannach na Gaeilge. Ó thaobh coincheapa de, bainfidh sé leas as raon teoiricí a bhaineann le staidéar ar na meáin, léann cartlannaíochta agus an tsochtheangeolaíocht lena n-áirítear na meáin sna mionteangacha, athneartú teanga agus polasaí teanga.

Ó uair a bhunaithe, tá tuiscint ag Conradh na Gaeilge ar an tábhacht a bhaineann leis na meáin, mar is léir ón mbaint a bhí aige le nuachtáin Ghaeilge ag deireadh an 19ú agus tús an 20ú hAois, na feachtais leanúnacha a bhí ar bun aige ar son stáisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge agus an úsáid a bhaineann sé as na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann. Bhí a chuid feachtas fite fuaite leis na meáin ón tús agus úsáideadh réimse leathan ardán i nGaeilge agus i mBéarla i bhformáidí analógacha agus digiteacha. Bhí Conradh na Gaeilge ar scaradh gabhail idir an traidisiún agus an saol nua-aimseartha ó bunaíodh é: agus é ag cur teanga agus cultúr dúchais na hÉireann chun cinn, chuaigh sé i ngleic le gach dul chun cinn teicneolaíochta sa chraoltóireacht agus sna meáin chun a chuid feachtas a chur chun cinn agus a fhealsúnacht a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne.

Ar an bhfoireann taighde beidh an Príomhthaighdeoir (An Dr Walsh) agus an comh-Phríomhthaighdeoir (An Dr Niall Comer, Ollscoil Uladh) agus beirt taighdeoirí iardhochtúireachta. Beidh an taighdeoir iardhochtúireachta seo a earcófar le bheith ag obair leis an Dr Walsh bunaithe ar an bhfógra seo lonnaithe in Institiúid de Móra do Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta in Áras Taighde Uí Argadáin, OÉ Gaillimh. Earcóidh Ollscoil Uladh an dara taighdeoir iardhochtúireachta ar a conlán féin. Seo a leanas struchtúr an tionscadail:

  • Pacáiste Oibre 1 (OÉ Gaillimh). Is é sainchuspóir Phacáiste Oibre 1 anailís a dhéanamh ar an tsraith maidir leis na meáin, feachtais agus an Ghaeltacht i mbailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh sa tréimhse 1970-2000. Faoi Phacáiste Oibre 1, oibreoidh an taighdeoir iardhochtúireachta leis an Dr Walsh ar fhoshraitheanna de bhailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh, agus díreofar ar na meáin agus ar fheachtais ina bhfuil aird faoi leith ar ghníomhaíochas áitiúil i nGaeltacht na Gaillimhe nó atá dírithe uirthi. Roghnaíodh an tréimhse seo toisc go n-áirítear ann spriocanna tábhachtacha a bhaineann le gníomhaíochas teanga nuair a bhí na meáin i lár an aonaigh. Ina measc seo tá an bhaint a bhí ag Conradh na Gaeilge le nó an tacaíocht a thug sé do raidió agus teilifís bhradach i nGaeilge, a chuid feachtas le haghaidh stáisiúin raidió agus teilifíse náisiúnta cheadúnaithe agus an úsáid a bhaineann sé as na meáin chun cúiseanna eile a chur chun cinn.
  • Pacáiste Oibre 2 (Ollscoil Uladh). Is é sainchuspóir Phacáiste Oibre 2 scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochas agus na meáin i gcartlanna i dTuaisceart Éireann le linn na tréimhse 1922-1940. Faoi Phacáiste Oibre 2, oibreoidh an Dr Comer leis an dara comhalta iardhochtúireachta, a earcóidh Ollscoil Uladh iad féin, ar pháipéir a bhaineann le rannóg an tuaiscirt de Chonradh na Gaeilge, Comhaltas Uladh. Díreoidh an obair seo arís ar na meáin agus ar fheachtais le haird faoi leith ar an ngníomhaíochas sna blianta tosaigh ríthábhachtacha i ndiaidh na Críochdheighilte nuair a bhí an Ghaeilge imeallaithe faoi riail na nAontachtach.

Fad ama an Chonartha:  1 Eanáir 2023 – 31 Iúil 2024 (19 mí)

Fostófar an t-iarrthóir rathúil ar Phacáiste Oibre 1 i nGaillimh agus scrúdóidh sé/sí an úsáid a bhain Conradh na Gaeilge as na mórmheáin, an éabhlóid a bhain lena mheáin féin ar nós stáisiúin raidió agus irisí clóite, agus an tacaíocht a thug sé d’fheachtais chun go mbeadh meáin ar leith ar fáil i nGaeilge. Bainfidh sé/sí úsáid as a c(h)uid saineolais i gcartlanna na Gaeilge chun oibriú le foireann an tionscadail agus leis an bPríomhthaighdeoir, an Dr John Walsh chun na taifid chartlainne a bhaineann leis na meáin i mbailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh a mheas. Déanfaidh sé/sí léirmhíniú ar réimse foinsí príomhúla agus tánaisteacha lena n-áirítear preaseisiúintí, bileoigíní, póstaeir, cáipéisí polasaí, gearrthóga nuachtáin agus taifeadtaí closamhairc. Trí anailís ar cháipéisí sna taifid sin, nochtfaidh sé/sí téamaí agus patrúin shuntasacha maidir leis an tionchar a bhíonn ag na meáin ar ghníomhaíochas na Gaeilge.

Áirítear na dualgais seo a leanas ar obair an taighdeora iardhochtúireachta seo:

  • Anailís a dhéanamh ar na sraitheanna éagsúla a bhaineann le gníomhaíochas na meán i mbailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh.
  • Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar bhain Conradh na Gaeilge úsáid as cineálacha éagsúla meán sna feachtais ar fad atá san áireamh sa bhailiúchán.
  • Cur le láithreán gréasáin an tionscadail, ábhar a bheith le foilsiú ar na meáin shóisialta.
  • Obair thaighde a ullmhú lena foilsiú, ina (h)aonar nó i gcomhar leis an bhfoireann taighde (foilseacháin phiarmheasúnaithe, cuir i láthair ag comhdhálacha).
  • Tabhairt faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana atá dírithe ar thorthaí taighde ón tionscadal a scaipeadh ar phobail acadúla agus ar ghnáthdhaoine.
  • Comhdháil acadúil a eagrú ag deireadh théarma an tionscadail.
  • Tabhairt faoi dhualgais riaracháin ghaolmhara.

Cáilíochtaí                            

Déanfar an ceapachán faoi réir na gcritéar seo a leanas:

Critéir riachtanacha

  • PhD le Gaeilge/Stair/Cartlanna/Polasaí Teanga nó i ndisciplín gaolmhar (arna bhronnadh roimh dháta an agallaimh nó curtha isteach roimhe sin).
  • Taithí shuntasach ar fhoinsí príomhúla nó ar thaighde cáilíochtúil.
  • Ardchumas scríofa agus labhartha sa Ghaeilge (leibhéal C2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/level-descriptions).
  • Sárscileanna scríbhneoireachta agus cumarsáide.
  • An cumas oibriú go héifeachtach i gcomhpháirt le daoine eile agus go neamhspleách.
  • Ardspreagtha chun oibre, le scileanna eagrúcháin den scoth.

Critéir inmhianaithe

  • Suim i gcartlanna/stair chultúrtha/ an tsochtheangeolaíocht/polasaí teanga/gníomhaíochas teanga/staidéar ar na meáin.
  • Foilseacháin phiarmheasúnaithe a bheith curtha i gcló ag an iarratasóir.
  • Taithí ar oibriú leis na daonnachtaí digiteacha. 

Oibreoidh an taighdeoir faoi stiúir díreach an Dr John Walsh.

Chun iarratas a dhéanamh

Ba chóir go mbeadh na hiarratais i nGaeilge agus go mbeadh litir chumhdaigh leo ina leagtar amach oiriúnacht an iarratasóra don ról, CV, sampla d’obair acadúil scríofa i nGaeilge atá ábhartha don phost ina mbeidh 1,000 focal ar a laghad (e.g. sliocht as páipéar neamhfhoilsithe, alt foilsithe, caibidil as tráchtas etc.), agus sonraí teagmhála bheirt mholtóirí. Ba cheart iarratais a sheoladh ar ríomhphost (i bhformáid PDF amháin) chuig mooreinstitute@nuigalway.ie

Cuir an uimhir thagartha ábhartha NUIG RES 202-22 i líne ábhair an iarratais ríomhphoist.

Tuarastal: €39,535 sa bhliain (beidh feidhm ag rialacha polasaí pá na hearnála poiblí a bhaineann le hiontrálaithe nua)

Dáta Tosaigh: 1 Eanáir 2023

Tá tuilleadh eolais faoi thaighde agus oibriú in OÉ Gaillimh ar fáil ag Taighde in OÉ Gaillimh

Chun teacht ar eolas faoi bhogadh go hÉirinn féach www.euraxess.ie

Is féidir tuilleadh fiosrúcháin neamhfhoirmiúla maidir leis an bpost seo a dhéanamh ach dul i dteagmháil leis an Dr John Walsh: john.walsh@nuigalway.ie.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 5.00pm, an 25 Lúnasa 2022. 

Tá na hagallaimh le bheith ar siúl an tseachtain dar tús an 12 Meán Fómhair 2022.

Beidh na hagallaimh á reáchtáil go fíorúil.

Coimeádann OÉ Gaillimh an ceart aici féin an post seo a athfhógairt nó síneadh a chur leis an spriocdháta.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Déantar earcaíocht do gach post de réir earcaíocht Oscailte, Thrédhearcach, Fhiúntach (OTM) agus Inniúlacht-bhunaithe.